Jump to content

An Phléadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá de chuid an Digitized Sky Survey

Braisle oscailte réaltaí sa Tarbh is ea an Phléadach. Go coitianta tugtar an Seachtar Deirfiúracha orthu, bíodh is nach bhfuil ach 6 cinn infheicthe don tsúil. Tá ainmneacha traidisiúnta eile i nGaeilge orthu freisin: an Streoillín, an tÉillín, agus an Tréidín mar shampla.[1] An bhraisle oscailte is feiceálaí, agus luadh í i litríocht is miotaseolaíocht chomh fada siar le 2357 RC. Tá an bhraisle ann le timpeall 50 milliún bliain, is na céadta réaltaí inti. 116 parsoic amach uainn.[2]

Is í an Phléadach réad uimhir a 45 i gCatalóg Messier (M45 an giorrúchán). Is iad na réaltaí is gile sa Phléadach ná Sterope, Merope, Electra, Maia, Taygeta, Celaeno agus Alcyone. Is iad seo Seachtar Deirfiúracha na miotaseolaíochta Gréagaí. Tá tuismitheoirí na nDeirfiúracha le haithint sa Phléadach fosta: Pleione agus Atlas

Príomhréaltaí na Pléadaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sterope, Asterope, nó 21 Tauri de réir chóras ainmníochta Flamsteed, suite faoi 430 solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Is réalta phríomhsheichimh í, agus í aicmithe ina B-réalta, is é sin, réalta bhánghorm. Tá comhbhall ag Sterope, mar atá, Sterope II nó 22 Tauri, agus is A-réalta í.

Tá Merope, nó 23 Tauri, suite faoi 440 solasbhliain dinn. B-réalta atá inti.

17 Tauri an t-ainm atá ar Electra de réir chóras Flamsteed. Fathachréalta agus B-réalta í, agus í suite faoi 400 solasbhliain dinn.

B-réalta eile í Maia, agus is fathach gorm í. Réalta athraitheach de chineál ar leith í, agus tá grúpa iomlán de realtaí athraitheacha ann a dhealraítear léi - réaltaí athraitheacha de thíopa Maia. Feictear gásnéal ar leith ina timpeall, Réaltnéal Maia nó NCG 1432.

Déréalta í Taygeta, agus ís gnách 19 Tauri A agus 19 Tauri B a thabhairt ar an dá chomhbhall i gcóras Flamsteed. Ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil 19 Tauri A féin comhdhéanta as dhá réalta: 19 Tauri Aa agus 19 Tauri Ab. Le fírinne, is é cleachtas Chumann Idirnáisiúnta na Réalteolaithe (IAU) gan "Taygeta" a thabhairt ach ar 19 Tauri Aa.

B-réalta is ea Taygeta (sa chiall chúng).

Fo-fhathachréalta í Celaeno. 16 Tauri an t-aimn de réir Flamsteed.

Is í Alcyone, nó Eta Tauri, an ceann is gile de réaltaí na Pléadaí. B-réalta agus fathach bánghorm í cosúil le réaltaí eile na Pléadaí.



  1. “Pleiades” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-14.
  2. Hussey, Matt (2011). "An Phléadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 526.